Cuireann sé gliondar orainn a fhógairt go bhfuair MISU gradam óir ag bronnadh ghradaim Gníomhaí Gaeilge ar an Máirt seo, mar gheall ar an obair a rinneadh ar son na Gaeilge inár gcoláiste i rith na bliana seo.
Ghlac ár nOifigeach Gaeilge, Sarah Ryan-Purcell, leis an ngradam ar son MISU.
Is scéim mheantóireachta í Gníomhaí Gaeilge do dhaoine agus do ghrúpaí atá gníomhach don Ghaeilge in institiúidí tríú leibhéal.
Comhghairdeas chomh maith le Sarah a fuair gradam aonair as ucht an méid a rinne sí ar son na teanga ar champas.
Míle buíochas le @cnagaeilge, lenár meantóir, Emily-Anne Rennison, agus le gach duine a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí Gaeilge i rith na bliana.
Ní neart go cur le chéile!
We are delighted to announce that MISU received a GOLD award at the Gníomhaí Gaeilge awards ceremony on Tuesday night, in recognition of our work for the Irish language throughout the year.
Our Irish Language Officer, Sarah Ryan-Purcell, accepted the award on behalf of MISU.
Gníomhaí Gaeilge is a mentorship scheme for students and groups in third-level institutions.
Congratulations also to Sarah Ryan-Purcell who received an individual award for all that she has done for the language on campus.
Many thanks to Conradh na Gaeilge, our mentor, Emily-Anne Rennison, and to all of you who took part in our Irish initiatives throughout the year.